Muna bhfuil cuntas agat gliogáil anseo
|
|
| Cúrsaí Gaeilge agus Aistriúchán Gairmiúil | Irish Language Courses and Professional Translation |
Muna bhfuil cuntas agat gliogáil anseo
|
||
|---|---|---|
| Cúrsa Ullmhúcháin i gcomhair Agallaimh sa Choláiste Oiliúna | ||
![]() |
Cuirtear Cúrsaí Gaeilge ar fáil in Oileán álainn Chléire ó lár na 1960í i leith. Tá taithí fhada againn ar chúrsaí a oireann do dhaoine fásta agus do pháistí araon a sholáthar agus ar shiamsa spraoi agus léann a an Oileáin a thabhairt dóibh. | |
| Tá cúrsa d'iarratasóirí ar áit i gColáiste Oiliúna atá ag ullmhú i gcomhair agallaimh Ghaeilge ar na cúrsaí is mó a bhfuil tóir orthu le roinnt blianta anuas. Bíonn an cúrsa seo ar fáil i dtosach Mí na Bealtaine agus i dtosach Mí na Nollag. Chomh maith leis na cúrsaí seo tá ábhar féinstaidéir ar líne ar fáil. Tuilleadh eolais |
![]() |
|
| Seirbhísí Aistriúcháin | Cúrsaí Ullmhúcháin i gcomhair an SCG | |
Tá Ionad Foghlama Chléire ina sholáthraí seirbhísí aistriúcháin ghairmiúil Ghaeilge don earnáil phoiblí agus don earnáil chorparáideach ó 2003 i leith. Tairgimid seirbhísí Béarla <> Gaeilge agus Gearmáinis <> Gaeilge chomh maith le teangacha Eorpacha eile. Tuilleadh Eolais |
![]() |
Tá Coláiste Phobal Chléire faofa ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun cúrsaí Gaeilge i gcomhair an SCG a reáchtáil a fhéadann iarrthóirí a áireamh i leith tréimhsí a chaitheann siad sa Ghaeltacht. Cuirtear cúrsaí ar siúl i mbriseadh lár théarma an earraigh, um Cháisc agus i mbriseadh lár théarma an fhómhair. Má bhíonn éileamh air cuirtear cúrsa ar siúl i deireadh an tsamhraidh, leis. Tuilleadh eolais |
| Litríocht & Léann | Cúrsaí do dhaltaí i gColáiste Phobal Chléire | |
| Sa bhlag seo foilsítear téacsanna agus filíocht agus deintear tráchtaireacht orthu. Is í filíocht Chonchúir Mháistir Uí Ríordáin, (ca 1725 - 1810) an chéad shaothar a phléifear. Ina theannta san cuirtear comhaid fuaime a taifeadadh ó chainteoirí ó Chléire sna 90í agus i dtús na mílaoise nua. | Coláiste Samhraidh den scoth is ea Coláiste Phobal Chléire. Tá sé á reáchtáil de réir sean-traidisiúin na gColáistí Samhraidh Gaeltachta agus bíonn tóir ar a chuid cúrsaí do dhaltaí meánscoile agus bunscoile gach aon bhliain dá dtagann. Tuilleadh eolais | ![]() |
| Fógraí | ||
|
|
||
Ionad Foghlama Chléire, Carraig an Éisc, Oileán Chléire, An Sciobairín, Co. Chorcaí, Éire 00353 28 39190 r-phost: eolas @ cleire.com |
||